Home Page

Nuacht

Cáineadh don Roinn i dtaobh Easpa Cothromaíochta - Dhá scoil ag roinnt foirgnimh, ach gan cothrom na Féinne eatarthu.

News

Department criticised for inconsistency - Two schools share building but are not treated equally.

 

 Preas Ráiteas 

 

Please click here or scroll down for Press Statement

 

Preas ráiteas

 

Cáineadh don Roinn i dtaobh Easpa Cothromaíochta

Dhá scoil ag roinnt foirgnimh, ach gan cothrom na Féinne eatarthu

 

Droch phleanáil agus easpa leanúnachais maidir le bronnadh deontais chíosa agus aitheantas buan ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta is cúis le neamhchinnteacht suímh Ghaelscoil Bhaile Brigin, i dTuaisceart Chontae Átha Cliath.  Beidh an scoil ag roinnt Sunshine House le Bracken Educate Together, atá le hoscailt dé Luain seo chugainn (24ú Mean Fomhair).

 

Tá Gaelscoil Bhaile Brigín, scoil idirchreidmheach, atá ar an bhfód le hos cionn bliana, fós ag fanacht ar aitheantas buan ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta.  Go dtí go mbronnfar aitheantas buan ar an scoil, beidh easpa deontais ag cur bac leo agus ní bhronnfar suíomh buan orthu.

 

Ar an lámh eile, tá aitheantas buan tugtha ag an Roinn do Bracken Educate Together cheana féin, le gealltanais de dheontas iomlán agus suíomh buan.

 

Deir príomhoide Ghaelscoil Bhaile Brigín, Clodagh Ní Mhaoilchiaráin “Tréaslaímid agus déanamid comhghairdeas le Bracken Educate Together as an scoil a bhunú agus a oscailt chomh tapa sin agus táimid ag súil le hobair taobh leo ag cinntiú go bhfaigheann scoláirí an dá scoil an t-oideachas is fearr gur féidir.  Ach is gá an Roinn a cheistiú i dtaobh an bealach gur féidir leo cúrsaí deontais agus suímh a shocrú do scoil amháin níos tapúla agus níos práinní ná ceann eile, cé go bhfuil siad lonnaithe san áit chéanna agus an fráma ama céanna ar an dá cheann.  Níl aon fáth nach mbeadh áit ag gach páiste ar scoil.   Níl ag teastáil anseo ach cumas agus pleanáil."

 

Ní fhaigheann Gaelscoil Bhaile Brigín ach 75% de dheontas, áit go bhfaigheann Bracken Educate Together 100%  - rud nach bhfuil tárlaithe cheana.  Go dtí seo, an t-uasmhéid a bhí ann ná 95%.  Chuige sin, agus aitheantas buan bronnta ar an nGaelscoil, fós ní bheidh ach 95% den deontas céanna á fáil acu.  Faoi láthair, tá Bord na Gaelscoile ag fanacht ar chinnteacht ón Roinn Oideachais go mbeidh leanúnachas agus cothromaíocht i dtaobh tearmaí agus coinníollacha cíosa ann don dá scoil.

 

Deir Clodagh Ní Mhaoilchiaráin “tá éigínteacht ag baint lenár suíomh buan agus cá mbeimid lonnaithe amach anseo.  Tá iarratas curtha faoi bhráid na Roinne ó Mí Eanair 2007 do shuíomh i dTalamh an Chaisleán i mBaile Brigín, ach go dtí go bhfuil aitheantas buan againn, tuigtear dúinn nach féidir suíomh a bhronnadh orainn”

 

“Níl ag teastáil uainn ach cothromaíocht agus leanúnachas ón Aire”

 

Osclaíodh Gaelscoil Bhaile Brigín le 36 dalta i Mean Fomhair 2006 agus d’athoscail sé i Mean Fomhair 2007 le 67.  Tuarann an bord go mbeidh 57 dalta eile ag tosú i Mean Fomhair 2008.

Press statement

 

Department criticised for inconsistency

Two schools share building but are not treated equally

 

Bad planning decisions and inconsistent awarding of funding and permanent status by the Department of Education & Science has cast a cloud over the future of Gaelscoil Bhaile Brigín (Balbriggan) in North County Dublin. The school is to share the Sunshine House building with the Bracken Educate Together school, which is due to open on Monday next (24th September).

 

Gaelscoil Bhaile Briggín, an interdenominational school, in operation for over a year is still awaiting permanent recognition. Until permanent recognition is granted, the gaelscoil will suffer from lack of funding and will not be granted with a permanent site.

 

By contrast, the Department has granted Bracken Educate Together instant permanent status with the guarantees of full funding, instant permanent recognition and a permanent site.

 

Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, Gaelscoil Bhaile Brigín principal, said, “We commend and congratulate Bracken Educate Together for the speed at which the new school was set up and look forward to co-operating with them to ensure that the pupils of both schools receive the best education possible. But we must question how the Department can arrange funding and facilities for one educational institution with more urgency than another. There is no reason why every child should not have a place in school. It all comes down to competent planning on the part of the Department of Education and Science.”

 

Gaelscoil Bhaile Brigín only receives 75 per cent funding while Bracken Educate

Together receives an unprecedented 100 per cent; previously, the maximum funding available has been 95 per cent. Thus, Bhaile Brigín achieves permanent recognition, an anomaly will still exist as it will only receive 95 per cent funding. Currently, the Gaelscoil Board is waiting for confirmation from the Department that the terms and conditions for the funding of both schools will be consistent.

 

Clodagh Ní Mhaoilchiaráin said, “We are uncertain of our future location unless we can receive permanent recognition from the Department. We submitted an application in January 2007 for our permanent site to be situated on the Castlelands site in Balbriggan. However, we need permanent recognition before any site can be granted.

 

“All we are asking the Minister for is fairness and consistency.”

 

Gaelscoil Bhaile Brigín opened its doors to 36 pupils in September 2006 and resumed this September with 67 students. The Board estimates that a further 57 pupils will join in September 2008.

 

Archive News 2005 Click HERE

 

Archive News 2006 Click HERE